Bhásaigh rothaí baineann, a bhí ina 70idí, tar éis imbhualadh le carr tráthnóna Dé Sathairn i Muineachán.

    Tharla an t-imbhualadh ar Bhóthar Mhuinchille, gar do bhaile Mhuineacháin thart ar 1:20pm.

    Fógraíodh go raibh an bhean marbh ag an láthair. Aistríodh a corp go hOspidéal Mhuineacháin áit a ndéanfar uathóipse.

    Tá an bóthar dúnta faoi láthair le scrúdú ag imscrúdaitheoirí imbhuailtí fóiréinseacha agus tá atreoruithe áitiúla i bhfeidhm.

    Tá Gardaí ag iarraidh anois ar aon duine a chonaic an t-imbhualadh seo teagmháil a dhéanamh leo.

    I ráiteas, dúirt urlabhraí de chuid an Gharda Síochána: “Aon úsáideoirí bóithre nó coisithe a bhféadfadh píosaí scannáin ceamara a bheith acu (lena n-áirítear dash-cam), agus a bhí ag taisteal ar Bhóthar Mhuinchille, Co. Mhuineacháin, inniu, Dé Sathairn 21 Deireadh Fómhair 2023, idir 12.30pm agus 1.30pm, iarrtar an píosa scannáin seo a chur ar fáil do na Gardaí.

    “Iarrtar ar aon duine a bhfuil aon eolas acu teagmháil a dhéanamh le Stáisiún Garda Mhuineacháin ar 047 77200, Líne Rúnda na nGardaí ar 1800 666 111 nó aon stáisiún Gardaí.”

    Bhí an bhean ar an 153ú duine a fuair bás ar bhóithre na hÉireann i mbliana. Anuraidh, fuair 155 duine bás san iomlán.

    Share.