Tá gluaisrothaí, 20 bliain d’aois, i riocht criticiúil tar éis imbhualadh le carr i gCo. Chill Dara Dé hAoine.
Tharla an eachtra go gairid tar éis 9.20pm ar an R418 ag Crosaire Bhaile na Finne, idir Baile Átha Í agus Cill Chuillinn.
Gortaíodh an gluaisrothaí go dona agus tugadh ón láthair é in otharcharr go hOspidéal Ollscoile Thamhlachta i mBaile Átha Cliath.
Tuigtear go bhfuil a riocht criticiúil. Bhí áititheoirí an ghluaisteáin gan díobháil.
Déanfaidh imscrúdaitheoirí imbhuailtí fóiréinseacha de chuid an Gharda Síochána scrúdú iomlán ar shuíomh na timpiste agus tá atreoruithe áitiúla i bhfeidhm faoi láthair.
Tá Gardaí ag iarraidh anois ar fhinnéithe teacht chun tosaigh.
I ráiteas, dúirt urlabhraí de chuid na nGardaí: “Iarrtar orthu siúd a raibh píosaí scannáin ceamara acu ó feadh an bhealaigh ag am an imbhuailte, lena n-áirítear píosaí scannáin dash-cam, é a chur ar fáil do ghardaí imscrúdaithe.
“Iarrtar ar aon duine a bhfuil eolas acu teagmháil a dhéanamh le Stáisiún Bhaile Átha Í ar 059-8634210 nó Líne Rúnda na nGardaí 1800 666 111.”
Tá an t-imscrúdú ar siúl.